Jobiglo

No results.

This job is no longer available

This job expired on 26/08/2026. It no longer accepts applications.

Oifigeach Feidhmiúcháin (Líofacht sa Ghaeilge)

publicjobs · Galway

pt

Job description

Oifigeach Feidhmiúcháin (Líofacht sa Ghaeilge)Roinn/Údarás Fostaithe: An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus GaeltachtaContae: Roscrea, Co TipperaryDáta Dúnta d'Iarratais: 23/07/2026 15:00Tuarastala thosaíonn ag €38,803 Tá Oifigigh Feidhmiúcháin atá líofa sa Ghaeilge á n-earcú anois ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus ag Oifig an Choimisinéara Teanga dá n-oifigí i nGaillimh. Is ról ag leibhéal na bainistíochta sóisearaí sa Státseirbhís é ról an Oifigigh Feidhmiúcháin.Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG), forbairt tuaithe agus phobail agus an Ghaeilge chun cinn. Tugann sí tacaíocht do phobail bheoga, ionchuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann, agus leagtar béim ar acmhainneacht phobail agus aontacht shóisialta a neartú agus ar phobail a chumasú chun gur féidir leo dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu faoi láthair agus na dúshláin a bheidh rompu amach anseo.Feidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga mar sheirbhís ombudsman agus mar ghníomhaireacht chomhlíonta maidir le seirbhísí stáit i nGaeilge agus leagann sí béim ar chearta teanga an phobail agus ar dhualgais teanga an chórais stáit. Cuireann sí seirbhís neamhspleách ar ardchaighdeán ar fáil agus, ag an am céanna, comhlíonann sí dualgais reachtúla an Choimisinéara chun comhlíonadh an stáit a chinntiú maidir le cearta teanga.Cé go mbíonn róil éagsúla ag Oifigigh Feidhmiúcháin taobh istigh de na heagraíochtaí éagsúla, bíonn bainistíocht tionscadal agus bainistíocht foirne i réimsí gnó éagsúla i gceist de ghnáth, lena n-áirítear seirbhís do chustaiméirí, beartas, reachtaíocht, taighde agus riarachán. Beidh ról tacaíochta ag iarrthóirí a n-éireoidh leo maidir le cur i bhfeidhm polasaithe comhaontaithe Roinne agus Rialtais a bhaineann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge agus beidh ról acu maidir le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt polasaithe nua don earnáil amach anseo.Tá sonraí uile an phoist, lena n-áirítear riachtanais incháilitheachta ar leith, le fáil ar faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”.Chun d’iarratas a dhéanamh i nGaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach. Is é 3i.n. Déardaoin an 23 Iúil 2026 an dáta deireanach ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe.Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Show more Show less

Questions fréquentes

Le salaire n'est pas communiqué publiquement par le recruteur. Vous pouvez postuler et négocier directement avec publicjobs.
Cliquez sur "Postuler maintenant" en haut de la page. Vous pouvez importer votre CV en 1 clic — Jobiglo extrait automatiquement vos informations et postule pour vous.

Why are you reporting this job?

Thank you for your report. We will review this job.

Explore further

Salaries, guides and searches in Ireland.

A question about this job?

Ask it here: you will get the full job summary by e-mail, right away.

💬 Chat with us on Telegram

Published 3 months ago

24 views · 0 interested

Boost your chances

Upload your CV — we will match you with relevant openings.

Analyzing your CV...

publicjobs

Galway