Jobiglo

No results.

This job is no longer available

This job expired on 05/09/2026. It no longer accepts applications.

Oifigeach Acmhainní agus Tacaíochta Foghlama

Gaelchultúr | Coláiste na hÉireann

pt

Job description

Tá post lánaimseartha mar Oifigeach Acmhainní agus Tacaíochta Foghlama ar fáil i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr. Conradh buan atá i gceist agus beidh an té a cheapfar in ann a bheith ag obair ó chian nó in oifigí an choláiste.Tá duine ildánach, críochnúil agus féinspreagtha, a bhfuil scileanna láidre cumarsáide acu, á lorg againn dár bhfoireann acadúil. Beidh an té a cheapfar freagrach as acmhainní teagaisc agus foghlama ardchaighdeáin d'fhoghlaimeoirí fásta a chur in eagar agus a fhorbairt, chomh maith le comhairle agus treoir acadúil a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí, agus deiseanna oiliúna a chur ar fáil agus a fhorbairt do mhúinteoirí agus do cheartaitheoirí ar bhonn rialta. Mar chuid den ról freisin, beidh monatóireacht leanúnach le déanamh ar aiseolas ó fhoghlaimeoirí agus ó mhúinteoirí, léamh profaí agus eagarthóireacht le déanamh ar ábhar don suíomh gréasáin agus do na meáin shóisialta, agus ranganna le teagasc ó am go chéile.Bheadh an ról seo oiriúnach do dhuine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu, idir scríofa agus labhartha, agus a bhfuil taithí acu ar mhúineadh na Gaeilge (nó teanga eile) do dhaoine fásta agus ar an bhfoghlaim ar líne. Ní mór tuiscint ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (CEFR) agus ardscileanna ríomhaireachta a bheith ag an duine freisin.Tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí; gnáthuaireanta oibre. Cuirfear deiseanna oiliúna ar fáil don té a cheapfar.Tá achoimre le fáil thíos ar na príomhdhualgais a bhaineann leis an ról agus ar na cáilíochtaí agus taithí a bheadh ag an iarrthóir oiriúnach.DualgaisAcmhainní teagaisc agus foghlama a chur le chéileEagarthóireacht ar acmhainní teagaisc agus foghlamaComhairle agus treoir acadúil a chur ar fáil d'fhoghlaimeoiríOiliúint agus comhairle a chur ar fáil do mhúinteoirí agus ceartaitheoiríMonatóireacht agus athbhreithniú ar aiseolas ó fhoghlaimeoirí agus ó mhúinteoiríEagarthóireacht agus léamh profaí ar ábhar don suíomh agus do na meáin shóisialtaCúrsaí Gaeilge a theagasc d'fhoghlaimeoirí ag leibhéil éagsúla chumais (ó am go chéile)Cáilíochtaí agus Taithí RiachtanachMáistreacht sa Ghaeilge nó a comhionann (Leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí)Taithí ar mhúineadh na Gaeilge (nó teanga eile) do dhaoine fástaTaithí ar an bhfoghlaim ar líne agus ar an ríomhfhoghlaimTaithí ar thacaíocht a chur ar fáil d'fhoghlaimeoiríCaighdeán ard Gaeilge, idir labhartha agus scríofaTuiscint ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (CEFR)Ardscileanna ríomhaireachta, go háirithe formáidiú ábhar agus ábhar foghlama a dhearadhCáilíochtaí / Taithí / Scileanna InmhianaitheCáilíocht teagaisc (e.g., bunchéim, iarchéim, TEFL)Taithí ar shiollabais agus pleananna ceachta a fhorbairtCur amach ar theicneolaíochtaí foghlamaTaithí ar ábhar a chur agus a nuashonrú ar shuíomhanna gréasáin nó ar ardáin ríomhfhoghlamaTaithí eagarthóireachta / profléitheoireachtaTaithí ar obair aistriúcháinNí mór d'iarrthóirí CV, mar aon le litir iarratais, a sheoladh chuig: áta d'iarratais: 5pm, Dé Luain, 27 Iúil 2026Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig: Show more Show less

Questions fréquentes

Le salaire n'est pas communiqué publiquement par le recruteur. Vous pouvez postuler et négocier directement avec Gaelchultúr | Coláiste na hÉireann.
Cliquez sur "Postuler maintenant" en haut de la page. Vous pouvez importer votre CV en 1 clic — Jobiglo extrait automatiquement vos informations et postule pour vous.

Why are you reporting this job?

Thank you for your report. We will review this job.

A question about this job?

Ask it here: you will get the full job summary by e-mail, right away.

💬 Chat with us on Telegram

Published 3 months ago

33 views · 0 interested

Boost your chances

Upload your CV — we will match you with relevant openings.

Analyzing your CV...

Gaelchultúr | Coláiste na hÉireann